26.7.10

Gaeilge agus an CE!

Níl fhios agam cé mhéid daoine atá ag obair ar na suíomhanna ghréasáin atá ag Rialtas. Ach le déanaí fuaireas amach nach raibh ach duine amháin ag obair ar suíomh Choimisiúin na hÉorpa.

Tá an Dr Seán Ó Riain ag obair ar seo le dhá bhliain anuas, mar a deireann sé fhéin "..ag treabhadh liom im aonar!" Tá 4 ag obair don Mhaltais, Eastóinis, srl agus 4-7 do gach teanga.

Tá sé deachair a chreidiúint nuair a fhéacann tú ar caighdeán an suíomh fhéin. Tugaim faoi dearadh go gcuirtear amach ráitisí i nGaeilge chomh maith. Rud atá fíor annamh anse in Éirinn (ach amháin ag Roinn na Gaeltachta i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta!). Chuirim i gcás tá ráiteas faoi an Eastóin ag teacht isteach i limistéar an Euro. Nó ceann eile Plean AE um shábháilteacht ar bhóithre sna 10 mbliana romhainn.

Déan comparáid le suíomh an Roinn Iompair s'againne! Féacann sé go maith, i ndairire d'fheach sé go hálainn nuair a d'fhéachas air ar dtús ach, "beauty is only skin deep..." mar a deireann an sean-fhocal. Brú ar teangbháil a dhéanamh linn (Béarla) ar a bharr agus tuigfá nach bhfuil fáilte roimh Gaeilge ann. Bain triall as na nascanna eile ann. Is chuig leathanaigh Béarla a tógtar tú do chuid is mó den am.

Nó é seo "Litir na gceart d'amhrastaigh choiriúla." Is beag atá ann faoi ceart ar bith i nGaeilge (nó sa Ghaeilge!) ar suíomh na Roinne Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí mar a glaotar anois uirthi! bain triall as!

Ach ar leathanach an CE tá an-chuid de na foth-leathanaigh i nGaeilge ann i gcomparáid le suíomhanna Rialtas na hÉireann atá in ainm is a bheith ina iontaobhaithe na Gaeilge. Tá breis is 23 teanga le lámhsáil ag an AE, níl ach dhá ceann anseo in Éirinn faoi churam Rialtas na hÉireann.

Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Caithfear idirdhealú a dhéanamh: de réir mo thuiscint, tá foireann buan ann chun plé leis na rudaí a bhfuil dualgas ar an AE a aistriú. Obair (laochúil) bhreise atá ar bun ag an Rianach - agus cuir Gaeilge ar ábhar bolscaireachta, nach gá a aistriú de réir dlí - fós.

    ReplyDelete