13.7.10

Ceist Dinny!

Ar ndóigh tá roinnt den ghnó tithe an Oireachtais déanta i nGaeilge, ach is faoin nGaeilge féin agus an Ghaeltacht an cuid is mó de.

Mar shamopla chuir an teachta Dinny McGinley an ceist seo ar an céad lá de Iúl 2010:
Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon scéim ar bun nó ar intinn chun feidhmeannaigh teanga lánaimseartha a fhostú i ngach pobal Gaeltachta, agus iad ag feidhmiú ó oifigí nó i bhfoirgneamh atá aitheanta mar ionad tacaíochta teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

D'fhreagair an Aire Pat Carey:
Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an Chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an Straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé deacar amscála cinnte a lua ach bheinn dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach faoi Mheán Fómhair seo chugainn. Mar a bhí molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, cuimsíonn an dréacht-Straitéis forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht. Bheadh plean teanga ag gach ceantar Gaeltachta bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal. Chomh maith leis sin, bheadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéir teanga a thabharfadh tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga an phobail a chinntiú. Ach an Straitéis a bheith foilsithe, bheadh i gceist agam go ndéanfar tuilleadh forbartha ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht i gcoitinne agus ar na tacaíochtaí a bheidh de dhíth chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Pléadh tuile i mBearla (mar níl Gaeilge ag iar urlabhraí Fhine Gael Michael Ring, agus Úrlabhraí nua FG Frank Feighan, mar aon le James Bannon, Joe Costello,) agus i nGaeilge. B'iad Dinny McGinley agus an tAire a labhair i nGaeilge.

Ceisteanna faoi
Údarás na Gaeltachta
(I mBéarla)
Housing Grants
(Deontaisí sa Ghaeltacht i mBéarla)
Údarás na Gaeltachta.
Irish Language (I mBéarla faoi Scéim Labhairt na Gaeilge)
Irish language
(I mBéarla faoi Acht na Teangacha Oifigiúla)

Níor pléadh aon ní eile i nGaeilge sa Dáil an lá sin.


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment