15.4.10

Uachtarán nua don Chonradh?

Le breathnú ar imeachtaí na hArd-Fheise agus iad ag tarlú ón 16 - 18 Aibreán 2010, brú UStream.TV aon am idir 8.30 - 10.30 oíche Aoine agus idir 10.00rn - 8.00in Dé Sathairn.
Piosaí ó na Nuachtáin!

Go bhfios dúinn ní raibh tagairt ar bit sna meán Bhéarla do na himeachtaí seo - seachas píosa sa Andersonstown News ar an 12 Aibreán!

Tá nascanna chuig suíomhanna agus foinsí eile anseo (ag bun an leathanaigh sin!)

(Lch8 agus 9 Nuacht 24 15 Aibreán 2010)

Conradh na Gaeilge is Tabhachtaí
Ta ár gcolúnaí, Gearóid Ó Cairealláin, ró dhian ar an Chonradh nuair a mhaíonn sé go meassann tromlach phobal na tíre go bhfuil an t-eagras 'comh marbh le hArt.'
B'fhéidir gurbh fhíor san am a toghadh Gearóid ina Uachtarán air.
Ach ó shin, chruthaigh an Conradh a éifeacht san fheachtas ar son STÁDAS, le Rith 2010, le Raidíon Rí-Rá, le CEOL/SNAG'08'09 srl. lena a fheachtas i gcoinee Thuarascáil Mhic Cárthaigh, a seasamh i gcoimne Chíorclán 0044 77. Agus is léir go bhfuil níos mó daoine óga páirteach sa Chonradh ná roimhe.
Tá beochta ar leith i dtoghchán na hUachtaránachta, an deireadh seachtaine seo, agus táimid ar aon intinn leis an Chaireallánach gur trua nach bhféadfadh beirt Uactharán a bheith ann.
Ach is mó atá de dhith ar an Chonradh (ná beirt Uacthtarán) éifeachtach.
Tá gníomhaithe nua de dhith ar an Chonradh, daoine a bhfuil fuinneamh agus am acu chun obair a dhéanamh.
Ciallaíonn obair agódaíocht, bolscaireacht, stocaireacht, earcú baill nua, bunú gnónna beaga, agus dá réir.
Agus gníomh thar mar a rinne baill an Chonartha ó bhí tús an chéid seo caite.
B'fhéidir nach mór-eagras leis na mílte bal atá de dhith ar an Chonradh, ach eagras beag a bhfuil a chuid ball gníomhach agus thar a bheith gníomhach. Nuair a bheidh na vótaí caite agus an céiliúradh déanta ag buaiteoir an deireadh seachtaine seo, ba cheart go dtosófaí laithreach ar athmheas ról na heagraíochta.
Tá an Conradh ag dul ar an ród ceart, ach caithfear luas a chur faoi!
Eagarthóir Nuacht 24 15/4/2010

..I measc an n-imachtaí a bheidh ar siúl, beidh plé idir na hiarrathóirí d'Uachtaránacht 2010-2011, Maidin Shathairn, mar aon le toghchán ar an ábhar ceanna. Labhair Foinse leis an mbeirt iomaitheoirí, Pádraigh Mac Fhearghusa agus Séan Ó hAdhmaill.
Ag tagart go sonrach dá chomhiomaitheoir, Seán Ó hAdhmaill, dúirt Mac Fhearghusa: "Tá sé ró-óg go fóill. Fáiltím roimh dhaoine óga san eagraíocht, agus roimh an fhuinneamh, ach teastaíonn breithiúnas níos fearr chun an eagraíocht a stiúradh i gceart. Tagann an breithiúnas le taithí na mblianta."
Feictear d'Ó hAdhmaill, céimí Fiontair as Béal Feiriste, do bhfuil deis ag an gConradh breis ball a tharraingt isteach, agus scilleanna an mball seo a chuir ag obair chun sochair an Chonartha.
"Tá an-jab deanta ag Pádraig Mac Fhearghusa go dtí seo" a deir Ó hAdhmaill, "ach teastaíonn anois uaim féin tógáil ar an méid oibre sinn, agus líonra níos cuimsithí do craobhacha timpeall na tíre a fhorbairt."....
(Ann Nic Dhonnacha & Kevin de Barra; Foinse 14 Aibreán 2010)

Tá feachtas Sheáin Uí Adhmaill d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge tar éis dul i dtreise inniu leis an scéal go bhfuil iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh ag tabhairt a chuid tacaíochta don fheachtas. Is bua mór é seo d’fheachtas Uí Adhmaill atá ag bailiú nirt fud fad na tíre as gach aoisghrúpa.
Dúirt Ó hAdhmaill, “Táim an-sásta leis an tacaíocht seo ó iarUachtarán a bhí bainteach le ceann de na feachtais is mó a d’eagraigh na Gaeil riamh. Tugadh stádas nua oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip mar gheall uirthi seo ach anois is gá an stádas sin a threisiú anseo in Éirinn. Déanfar seo, ní hamháin sna cúirteanna nó sna tithe parlaiminte, ach i measc an phobail.”
(Do Chonradh na Gaeilge; 13 Aibreán 2010)


Delight as Seán throws his hat into the ring
I see young Seán Ó hAdmhaill from Twinbrook, now living in Dublin and one of the nation’s most respected Irish language activists, is standing to be President of Conradh na Gaeilge.

He epitomises the quick-thinking, faster-acting leadership figures coming through the Irish language movement and his election would be a great fillip to the Conradh and to Irish speakers in the northeast.
The election takes place in Limerick at the Conradh ard fheis in a fortnight’s time: let’s hope he gets the same sort of support as enjoyed by our previous Béal Feirste presidents, Albert Fry and Gearóid Ó Cairealláin.
You can read Seán’s election blog at http://dochon radh.wordpress.com. Expect him to be twittering as well, quite a change from Albert Fry’s run in the late seventies when I recall the campaign was co-ordinated over the payphone in the bar at Cumann Chluain Ard in Hawthorne Street.
(Máirtín Ó Muilleoir; Andersontown News (Béal Feiriste), 12 Aibreán 2010)

Mac Fhearghusa vs Ó hAdhmaill le linn na hArd-Fheise
AR AN 16-18 Aibreán 2010, tionólfar ArdFheis Chonradh na Gaeilge san Óstán Strand, i Luimneach.
'Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais?' atá mar theideal ar Ard-Fheis na bliana seo.
Mar chuid de phriomhghnó na bArdFheise, beidh plé idir na hiarrthóirí don Uachtarántacht 2010-2011, maidin Shathairn, mar aon le toghchán ar an ábhar céanna. Beidh an tUachtarán Reatha, Pádraig Mac Fhearghusa ag iarraidh a shuíochán a choinneáil, in aineoinn feachtas láidir idirlín ón iomaitheoir elle, fear óg as Béal Feirste, Seán Ó hAdhmail
Tá tuilleadh eolais faoi chiár na hArdFheise ar fáil ag www.cnag.ie, agus is féidir lóistin a chur in Airithe ach dul i dteagmhAil le Mairéad Seoighe, ag mairead@cnag.ie."
(Foinse; 7 Aibreán 2010)


Seoladh Tionscadail 16 ag Árd Oifig an Phoist
Seoladh Tionscadail 16 ag Árd Oifig an Phoist; Tá Seán Ó hAdhmaill ar dheis so pictiúr! (5 Aibreán 2010)


"Mar chuid fheachtais togháníoch d'uachtarántacht Chonradh na Gaeilge sheol Seán Ó hAdhmail blag úr dochonradh.wordpress.com agus é ag iarraidh tús a chur i measc bhaill an Chonartha faoi todhchaí na heagraíochta.
Seán faoi agallamh ag TG4 faoin Tionscadail 16 (5 Aib'10)
Tá feachtais Sheáin ag déanamh aithris ar mhana Dhughlas de hÍde ó 1910 lena mhana féin 'Ag brú níos faide ar aghaidh don Chonradh.' I dteachtaireacht a dhírigh Seán ar bhaill an Chonartha agus ar phobal na hÉireann dúirt sé gur 'libhse, na baill, príomheagraíocht dheonach phobal na Gaeilge. Is libhse Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge chomh maith! Níl ionam féin ach feithicil do mhianta na mball.' Ar chúrsa cearta agus oideachas, deir Ó hAdhmaill, 'Tá cearta na nGael le cinntiú ar an dá thaobh den teorann, i leith rochtan ar an ngaelscolaíocht agus, ach go háirithe, ar sheirbhísí tús-líne d'árdchaighdeán, ó chomhlachtaí poiblí.'"
(Treasa Bhreathnach, GaelScéal; 2 Aibreán 2010)

".....tá dís san iomaíocht, Pádraig Mac Aonghusa atá ina Uachtarán ar an Chonradh i láthair na huaire agus Seán Ó hAdhmaill a bheas ag tabhairt a dhúshlán.
Guímid gach rath ar an bheirt acu. Tá siad beirt in iomaíocht do ceann de na róil is tabhachtaí dá bhfuil ann i saol na ngael in Éirinn.
Ní cheaptar, ní earcaítear agus ní fhaightear uactarán Chonradh na Gaeilge, toghtar iad. Caithfidh siad tacaíocht na mball a mhealladh chucu féin agus is féidir le duine ar bith clárú leis an Chonradh go furasta.
Is é an daonlathas seo a dhéanann an difear idir an Conradh agus gach eagraíocht eile, thar aon eagraíocht Ghaeilge eile tá an poitéinseal i gConradh na Gaeilge eagraíocht láidior ar an talamh a thógáil bunaithe ar obair dheonach áitiúil.
Má tá eiseamláir de dhith den chineál eagraíochta seo agus d'obair arbh fhéidir an-difear a dhéanamh ar son athbheochan na Gaeilge, níl le déanamh ach spleachadh a thabhairt ar an eagraíocht is rathúla i saol na hÉireann, Cumann Lúthchleas Gael."
(Eagarfhocal, Gaelscéal; 2 Aibreán 2010)

"Dís na Fis"
An Conradh a bhainfidh i ndianrás na hUachtarántachta
Ba cheart go gcuirfeadh TG4 an bheirt acu ag díospóireacht aghaidh.
Beidh a dtuairim le léamh ar Nuacht24 agus ar Gaelscéal gan mhoill.
Bhí siad i mbun plé teasaí go maith ar Glór Anoir RnaG, Dé Céadaoin, agus cloisfear arís is arís eile iad, ar raidío is teilifís idir seo agus deireadh an fheachtais.
Ar Facebook, Twitter agus ar clár phlé idirlíon go leor, tá cur agus cúiteamh ann agus Gaeil ag taobhú le duine amháin nó eile.
Go fiú féin tá blag tosaithe ag Seán Ó hAdhmaill.
Má bhí duine in amhras faoin bheoicht atá i gConradh na Gaeilge .... bhuel, bíodh a fhios acu go bhfuil an Conradh beo agus beathach.
Tá an comórtas idir Pádraig Mac Fhearghusa agus Seán Ó hAdhmaill ar cheann de na comortais is teasaí agus is bríomhaire dá raibh riamh ann d'Uachtaránacht an Chonartha le fada an lá.
Beirt a bhfuil fíd acu don Chonradh agus fonn millteannach orthu go mbeadh fáill acu an aisling sin a fhíorú.
Gach seans nach raibh a macassmhal ó bhain Gearóid Ó Cairealláin croitheadh as go leor gur sháraigh ar Thomás Mac Ruairí - le farasbarr de dhá vóta.
Tá Máirtín Ó Muilleoir, iarfhoilsitheoir Lá Nua ar duine acu atá in ndiaidh tacú le Seán Ó hAdhmaill. Ach ní lú an tacaíocht atá ag Pádraigh Mac Fhearghusa sa Chonradh agus ar fud na tíre. Is léir ó Ghlór Anoir go mbeadh an feachtas seo beo bríomhar. Agus go mbeidh beirt bhuaiteoirí ann - an té a thoghfar ina Uachtarán ar Chonradh na Geilge agus an Conradh féin, a bhainfidh leas as an ollsuim atá á cur sa toghchánaíocht seo."
(Eoghan Ó Néill, Nuacht24; 1 Aibreán 2010)

"A chairde, glacaigí briseadh ón staidéar agus bígí linn ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge chun tacaíocht a thabhairt do Sheán Ó hAdhmaill mar uachtraán ar an gConradh!!
Chomh maith leis an todhchán, ba cheart go mbeadh neart craic agus spraoi ann! Ceolchoirm ar an Satharn do na mic léinn!! Oireachtas na Gaeilge beag eile a bheas ann - ná cailígí amach!!!:D
Beimid ag eagrú lóistín agus bus ó Ghaillimh do mhic léinn na hOllscoile seo. Ní cheart go mbeadh sé rochostasach ach oiread. Más mian libh a bheith linn nó chun níos mó sonraí a fháil, cuirigí ríomhphost chuig cumannd@socs.nuigalway.ie"
(Leathannach ÁrdFheis Chonradh na Gaeilge ar Facebook; 31 Márta 2010)

"Tá Béal Feiristeach óg, Seán Ó hAdhmaill, i ndiaidh a chaipín a chaitheamh isteach sa chró agus dul i gcoinne Pádraigh Mhic Fheargusa, an tUachtarán Reatha. "Is gá an Conradh a láidriú," arsa Seán le Nuacht 24."Is gá íomhá nua a chruthú dó. Creidim go dtig liom ról cinniúnach a imirt. Is buntáiste é an obair atá déanta agam le gaelscoileanna, le forbairt Naoíonra Teo, le Raidió Rí-Rá, le Seachtain na Gaeilge, agus dá réir.
"Baintear geit as daoine nuair a luaim go mbainim leis an Chonradh. Tá íomha sean-aimseartha ag an Chonradh agus ní mór sin a athrú. Is cuma cén aois atá ag an duine a bheidh ina cheannaire ach é nó í na scileanna cuí bheith aige/aici chun ceannasaíocht a thabhairt don eagras agus do phobal na Gaeilge anois agus mórfhadhbanna ann faoi mhaoiniú, cúlú eacnamaíochta agus dá réir."
(Nuacht 24 26 Márta 2010)

"Is as Béal Feirste an t-iarratasóir comhraic Seán Ó hAdhmaill atá 28 bliain d'aois agus é ag seasamh don toghchán den chéad uair. Tá Seán ag seasamh leis an gceiste "an bhfuil muid réidh don 21ú haois?" mar mhana aige. Tá sé ag iarraidh na baill agus an eagraíocht féin a thabhairt isteach go dtí an 21ú haois ó thaobh na teicneolaíochta de. Is féidir tacú le Seán, más mian leat é sin a dhéanamh, ar FacebookTwitter. Beidh toghchán uachtaránacht Chonradh na Gaeilge ar siúl i gCathair Luimnigh ar an Satharn, 17 Aibreán."
(Gaelscéal 26 Márta 2010)

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment