13.4.10

CnaG sa Straitéis 2o bl....agus toghchán #AFcnag

Stratéis 20 Bliain á phlé ag an Aire nua Gaeltachta


An Clár 2010:
Dé hAoine, 16 Aibreán 2010

19:00 Cruinniú Cinn Bliana Sheachtain na Gaeilge

20:30 Caint fháiltithe an Uachtaráin
- Gnó na hArd-Fheise

21:00 Oscailt Oifigiúil na hArd-Fheise
- An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD

21:10 Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge
Cainteanna na hArd-Fheise
- An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD
- Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael agus Ball Aonair

22:15 Fáiltiú agus ceoltóirí áitiúla
eagraithe ag Craobh Chathair Luimnigh

Dé Sathairn, 17 Aibreán 2010

09:30 Plé idir iarrthóirí don Uachtaránacht

10:00 Gnó na hArd-Fheise
13:00 Lón

14:15 Ceardlanna Fhorbairt Chraobhacha
- Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse
- Niall Ó Catháin, Coiste Forbartha Charn Tóchair

14.45 Gnó na hArd-Fheise

17:30 Clár gnó críochnaithe

20:00 Dinnéar na hArd-Fheise

22:00 Club na hArd-Fheise
- Seó an Oireachtais agus Pádraig Ó Sé

Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 2010

10:30 Aifreann i Séipéal Mhichíl (beo ar Raidió na Gaeltachta)

11:30 Clabhsúr na hArd-Fheise i Halla Íde

12:00 Turas staire ó Halla Íde
- Proinsias de Priondargás
Labhróidh an tAire nua Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, ar na deiseanna atá ann do Chonradh na Gaeilge i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis an Chonradh na Gaeilge san Óstán Strand, Luimneach ag 9.00in oíche Aoine, 16 Aibreán 2010.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is gá ról lárnach a bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge má táimid leis na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach, agus mar fhóram daonlathach do phobal na Gaeilge, beidh Conradh na Gaeilge i lár na himeartha maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.”

“Is gá do Chonradh na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú: is gá go bhfeidhmeofaí an Straitéis mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP); is gá go mbeadh comharthaí bóithre dátheangacha san áireamh inti, mar shampla; agus is gá go bhforbrófaí cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na mbunscoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc mar ábhar práinne, cuir i gcás.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ní mór go mbeadh measúnú leanúnach, neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéise sna blianta amach romhainn freisin, agus molann Conradh na Gaeilge go mbeadh an Coimisinéir Teanga freagrach as an ról sin.

“Is fiú a lua gur ghlac an Rialtas leis an moladh ón gConradh go mba chóir go mbeadh pleanáil don Ghaeilge á dhéanamh sa phobal de réir contae, agus tá tús curtha againn leis an obair sin i gCo. Chill Dara i bpáirt le Glór na nGael agus Comhluadar, le súil againn go gcuirfidh an tAire Carey na hacmhainní cuí ar fáil leis seo a leathnú do chontaetha eile ar fud na tíre mar chuid den Straitéis.

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach ón 16 - 18 Aibreán 2010 agus tá gach eolas faoi Ard-Fheis na bliana seo le fáil ar-líne.

An tAire Pat Carey, TD, a osclóidh an Ard-Fheis go hoifigiúil ar an Aoine ag 9.00in agus tá fáilte roimh chách freastal ar chainteanna ón Aire Carey agus ó Lorcán Mac Gabhann, ceannasaí Ghlór na nGael agus ball aonair an Chonartha, mar chuid d’imeachtaí na hoíche dá éis.

Rud nua faoi, beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 á chraoladh beo ar-líne ag d’éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair nó clip hais #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.

Beidh an spéis ag baill an Chonartha agus ag an saol Ghaelach ar torthaí ar thoghchán d'Uachtaránacht an Chonartha. Tá beirt iomathóir ann an Uachtarán Reatha, Pádraigh Mac Fhearghusa, agus Feiristeach óg Seán Ó hAdhmaill. An rud is suimiúla faoin gcomórtas seo ná go bhfuil láithreacht láidir ag an Feiristeach ar an idirlíon, tá leathannach facebook aige, tá sé ar twitter agus LinkedIn. Is beag atá ag Pádraig MacFhearghusa le feiscint cé gur léir ón mbeagán atá le fáil ar líne faoi go bhfuil a shaol caite aige go duthrachtach ar son chur chun chinn na teanga.

Mar a deirim beidh sé spéisiúl breathnú ar an comortas seo idir saol meán soisialta na fiche aoise déag agus an "sean-saol!"
Pat Carey TDLorcán Mac GabhannJulian de Spáin
Pat Carey TD; Lorcán Mac Gabhann; Julian de Spáinn
Pádraigh Mac FhearghusaSeán Ó hAdhmaill
Pádraigh Mac Fhearghusa; Seán Ó hAdhmaill

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment