30.4.10

Campaí Samhraidh 2010 seolta

Páistí óga Ghaelscoil Riada ar bord an Corrib Princess agus iad ag dul ar thuras ar mar chuid d’imeachtaí Champa Samhraidh Chonradh na Gaeilge in Áth an Rí.

Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois. Ina iomlán tá súil ag Conradh na Gaeilge 15 Campa Samhraidh a eagrú i mbliana, an líon is mó riamh.

Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge. Tá taithí leathan agus ardcháilíochtaí bainte amach ag múinteoirí na gcúrsaí agus bíonn líon na ndaltaí i gcoibhneas le líon na múinteoirí íseal go maith.

Tosaíonn na campaí ag a 10.00 r.n. gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00i.n. Tá luach an-réasúnta ar na campaí agus tá lascaine theaghlaigh ar fáil. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie. I mbliana, don chéad uair, is féidir clárú ar líne agus is féidir é seo a dhéanamh trí shuíomh náisiúnta Chonradh na Gaeilge ag www.cnag.ie.
Bíonn an-tóir ar na Campaí seo agus is fiú go mór dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge go luath chun áit a chinntiú do do pháiste.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment