12.3.10

Íte Ní Chionnath

Bronnfar Gradam Seachtain na Gaeilge 2010 ar Íte Ní Chionnath anocht i gClub an Chonartha, i mBaile Átha Cliath.

Tá Íte Ní Chionnaith ina ball de Chonradh na Gaeilge ó 1968 agus bhí sí ina hUachtarán ar an gConradh ar feadh ceithre bliana, 1985-1989, an chéad bhean a bhain an gradam sin amach.

Ghlac sí páirt ghníomhach i bhfeachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge thar na blianta, ach go háirithe an Feachtas Teilifíse, agus bhi sí ar an gcéad duine as 15 a cuireadh go príosún le linn na tréimhse 1977-1993 san fheachtas sin.

Chaith Íte seachtain ina príosúnach i Mí Eanáir 1977 toisc gur sheas sí go díongbhalta lena prionsabail san fheachtas ar son bhreis chláracha Gaeilge ar RTÉ. Lean sí lena dúshláin don Stáit trí dhiúltiú íoc as ceadúnas teilifíse nuair a scaoileadh saor í go dtí go mbainfí aidhmeanna an fheachtais amach agus gur bunaíodh stáisiún teilifíse Gaeilge.

Bhí sí rannpháirteach freisin san Fheachtas Cearta Teanga a thionscnaigh Conradh na Gaeilge ag lorg stádas reachtúil don Ghaeilge, beart a baineadh amach ar deireadh nuair a cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bheidhm sa bhliain 2003.

Is beag gné d'obair an eagrais nach raibh páirt ghníomhach ag Íte Ní Chionnaith ann ó 1968 ar aghaidh, ina measc: Clódhanna Teoranta, an chuideachta a fhoilsíonn Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, agus a reachtálann an Siopa Leabhar; Ógras, óg-eagras an Chonartha; Oireachtas na Gaeilge, féile náisiúnta chultúrtha Chonradh na Gaeilge, ar ar chaith sí tréímhse freisin mar Chathaoirleach; agus mórán fochoistí eile ina raibh ról lárnach aici i bhforbairt iliomad polasaithe an eagrais thar na blianta.

Bhí sí ina heagarthóir ar Feasta 1979-1980; rinne sí moltóireacht ar chomórtais liteartha éagsúla an Oireachtais; chuir sí Gaeilge ar théacsleabhair chreidimh do bhunscoileanna; reachtáil sí ranganna agus dianchúrsaí Gaeilge do thuismitheoirí Ghaelscoil Inse Chór, chomh maith le scoláireachtaí agus turais Ghaeltachta a eagrú do na tuismitheoirí agus dá bpáistí; agus is liosta le háireamh an líon mór rudaí eile a rinne sí mar ghnáthbhall de Chonradh na Gaeilge agus mar bhall den Choiste Gnó thar na blianta.

Bhí sí páirteach chomh maith i gCoiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana ó 1983-1995 agus ba bhall í den choiste a dhréachtaigh chéadpholasaí craolacháin an Bhiúró.

Foilsíodh ailt agus filíocht dá cuid in irisí an Chonartha agus in irisí eile thar na blianta agus is minic go mbíonn sí pairteach i gcláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Tá sí ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ag múineadh ann ó 1979 i leith. Bíonn sí ag teagasc ar an gcúrsa BA san Iriseoireacht le Teanga (Gaeilge) agus an BA in Ealaíona na Meán Cumarsáide.

Bhí Íte ina Stiúrthóir ar an nuachtán Cumarsáid ó 1980 i leith agus ina bunaitheoir ar an iris Tairseach i 2006, foilseacháin de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment