24.2.10

Comhéadan nua ar logainm.ie


Fuarathas nóta ó Úna Bhreathnach, Bainisteoir Eagarthóireachta i bhFiontar, le chúnamh a lorg le forbairt nua atá á cruthú againn ar an suíomh logainmneacha. BD'iarr sí orainn triail a bhaint as an gcomhéadan nua léarscáilíochta, atá ar fáil go trialach anseo. Tá sé i gceist acu an comhéadan seo a chur in áit an chinn théacsúil atá in úsáid faoi láthair.

Ba mhaith leithi go mbreathnófaí ar an gcomhéadan seo, agus aon aiseolas – maidir le inúsáidteacht, fadhbanna, moltaí feabhais nó aon rud eile dá laghad nó dá mhéid – a chur chuchu. Go háirithe, ba mhaith leo ár n-aird a dhíriú ar na ceisteanna seo a leanas:

  • - An dtuigeann tú céard atá le déanamh nuair a osclaíonn tú an suíomh don chéad uair?
  • - An bhfuil an suíomh ag obair? (An bhfeiceann tú léarscáil?)
  • - Nuair a dhéantar cuardach, taispeántar na torthaí ar an léarscáil. An bhfuil sé seo sásúil?
  • - An bhfuil tú sásta leis seo mar leagan nua den suíomh?
  • - An dtaitníonn sé leat?
  • - An bhfuil sé úsáideach?

Beidh an comhéadan seo ar fáil go trialach ag www.logainm.ie/mapz go ceann roinnt seachtainí, agus bheadh siad buíoch ach aiseolas a chur chuchu roimh lár mhí an Mhárta.
Share/Save/Bookmark

23.2.10

Eagarthóir ceaptha ar Gaelscéal

Tá sé fógartha ag Torann na dTonn Teoranta, comhfhiontar idir The Connacht Tribune Ltd (Béarla) agus Eo Teilifís, gurb é Ciarán Dunbar atá ceaptha mar eagarthóir ar an nuachtán úr seachtainiúil Gaeilge, Gaelscéal.Ciarán Dunbar: Pic ó Nuacht 24

Is as Contae an Dúin ó dhúchas é agus taithí de bhlianta aige a bheith ag plé leis na meáin Gaeilge. Roimhe seo bhí ailt foilsithe aige ar Lá Nua, An tUltach, Comhar, Nuacht 24, The Irish News (Béarla) agus ar The Scotsman (Béarla) i nGaeilge na hAlbain. Tá tuairisceoireacht raidió déanta aige ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh (Béarla).

Ag labhairt dó faoin a cheapachán agus faoin bhfís atá ag an nuachtán dúirt sé: “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus is cinnte liom gur féidir leis an fhoireann atá curtha le chéile againn páipéar den chéad scoth a chur ar fáil”.
“Tá sé ar intinn againn páipéar úr nua a chruthú, páipéar a bheas ag cothú le pobal na Gaeilge ar fud an domhain”.

Treasa Bhreathnach as na Forbacha, Gráinne McElwain as Contae Mhuineacháin agus Méadhbh Ní Eadhra as an Spidéal fostaithe mar sholáthróirí ábhair don nuachtán agus beidh saoririseoirí agus colúnaithe á gceapadh go luath.

Is é Trevor Ó Clochartaigh an Bainisteoir Tionscadail ar Ghaelscéal agus is í Patricia Ní Chonghaile a bhéas ag plé le cúrsaí fógraíochta, margaíochta, dáileacháin agus ciorclaíochta.

Bhronn Foras na Gaeilge conradh cheithre bliana ar luach €1.6 milliún ar Thorann na dTonn Teo. anuraidh chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm clóite agus go leictreonach.

Foilseofar an chéad eagrán de Ghaelscéal roimh dheireadh na míosa seo chugainn.
Share/Save/Bookmark

20.2.10

Aighneacht GHUTH NA GAELTACHTA

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil plean cuimsitheach ann ag an leibhéal seo le comhtháthú agus treorú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Glacann muid leis, má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig go mbeidh tionchar iontach dearfach acu ar an teanga. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tacaíocht traspháirtí ag cibé straitéis a aontófar le leanúnachas agus cinnteacht a chruthú.

cruinniú de Chomhchoiste an Oireachtais le bheith in Indreabhán, Chois Fhairrige, ar an 26 Feabhra 2010.

Cúlra Ghuth na Gaeltachta

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil siad sraith cruinnithe poiblí ó shin ar fud na nGaeltachtaí. Bhí an brúghrúpa i mbun feachtais leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Anois, tá siad ag díriú isteach ar na himpleachtaí a bheidh ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ar chúrsaí Gaeltachta go háirithe. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Seoladh: f/ch An Chrannóg,
Srath na Corcra,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.
Guthán: (074) 9532208 / 0876387468
Urlabhraí: Eamonn Mac Niallais 0876387468
Idirlíon: www.guthnag.com
Ríomhphost: eolas@guthnag.com
Géarcheim Teanga sa Ghaeltacht
É sin ráite, síleann muid go bhfuil laigeachtaí suntasacha sa dréachtstraitéis seo i gcás na Gaeltachta de. Deirtear go bhfuil an chuid Ghaeltachta den phlean bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) a foilsíodh i 2007. De réir an Staidéir sin, tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus má leantar ar aghaidh le rudaí mar atá faoi láthair go mbeidh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht taobh istigh de 20 bliain.
  • "Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliain agus scór bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht..." (SCT: l.27)
Mar sin, tá gá le gníomhú go práinneach ó thaobh na Gaeltachta de ach níl an phráinn sin le feiceáil nó fiú amháin luaite sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá cuid mhaith de mholtaí an Staidéir Teangeolaíochta seo nach bhfuil san áireamh sa Dréachtstraitéis 20 Bliain. Mar sin, molann muidinne gur chóir cuireadh a thabhairt d’údair an staidéir sin (Conchúr Ó Giollagáin, MA, PhD agus Seosamh Mac Donnacha, BA, MSc.) cur i láthair a dhéanamh don Chomhchoiste.

Caidé tá muidinne ag moladh ó thaobh na straitéise de?
Tá muid go láidir den bharúil go bhfuil leathnú na Gaeilge ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa dréachtstraitéis, ag brath go mór ar bhuanú ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus mar sin de tá muid ag éileamh:
go léireodh an Stát go soiléir gurb é príomhaidhm na Straitéise sa Ghaeltacht ná athnuachan a dhéanamh ar an phobal Gaeilge inti trí chéimeanna misniúla a ghlacadh in aghaidh na géarchéime teanga atá ag bagairt air.

Céim 1
Struchtúr tacaíochta cuí a chur ar fáil do na Cainteoirí Dúchais

Tá neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtstraitéis agus ba chóir go mbeadh sé mar bhunaidhm ghné na Gaeltachta den straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Molann muid:

1. Spriocanna:
Go mbeadh spriocanna sonracha luaite sa Stráitéis, ní hamháin i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa tír ina iomlán a mhéadú, ach fosta:
    i. líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht sa mhéadú.
    ii. líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht a mhéadú.
    iii. líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a mhéadú.
2. Polasaí Náisiúnta maidir le hOideachas Gaeltachta
Tá práinn faoi leith le polasaí soiléir a bheith ceaptha maidir le hoideachas Gaeltachta a chuimseodh na nithe seo a leanas:
    i. Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus i mbunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Faoi láthair, tá an soláthar céanna á dhéanamh ins na scoltacha Gaeltachta ar na cainteoirí dúchais (páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu) agus atá ar na foghlaimeoirí (páistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhaile acu). De réir na saineolaithe teanga, níl an córas sin chun tairbhe ceachtar den dá ghrúpa.

    ii. Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.

    iii. Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Tá muid ag moladh an cúram sin a thabhairt d'eagraíocht ar nós: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

    iv. Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
3. Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Ghaeltachta:
    i. Scéim cosúil le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.

    ii. Go gcuirfí gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

    iii. Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfar a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealach atá ag teacht le plean teanga an cheantair.

Céim 2:
Soiléiriú agus neartú ar ról Údarás na Gaeltachta & na nEagraíochtaí Pobalbhunaithe

Tá míshuaimhneas mór léirithe i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne faoin athrú róil atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le soiléireacht faoin ról úr seo a bheith sonraithe sa Straitéis lena chinntiú nach mbeidh céim síos á thabhairt d’fhócas Gaeltachta na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh treisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit sa Ghaeltacht mar gur ins an Ghaeltacht atá an ghéarchéim teanga.

Deir an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltachta/Gaeilge níos láidre agus gur breis cúraimí atá i gceist don Údarás. Tá pobal na Gaeltachta amhrasach faoi sin go háirithe nuair a fheiceann siad an dóigh ar laghdaíodh buiséad bliantúil an Údaráis ó €40,000,000 sa bhliain 2008 go dtí €30,000,000 i mBúisead 2010. Bheifí ag súil leis gur breis maoinithe a bheadh i gceist má tá tuilleadh cúraimí le bheith ar an Údarás. Molann muid:
    i. Go mbeadh cúraimí nó feidhmeanna an Údaráis (go hairithe cúraimí fiontraíochta) leagtha amach go soiléir sa Straitéis agus go mbeadh idirdhealú déanta eatarthu agus cúraimí Fhoras na Gaeilge.

    ii. Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.

    iii. Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.

    iv. Go mbeadh an ról príomhúil ag an Údarás i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le cosaint a thabhairt don teanga.

    v. Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

    vi. Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh i gcomhair leis an Údarás agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil. Thabharfadh sé sin deis dóibh pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.

    vii. Go mbeadh tacaíocht/comhairleoireacht/próiseas cuí á c(h)ur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe i dtaobh pleananna teanga a chur le chéile, a chur i gcrích agus a mheas.

3. Moltaí Eile

    i. Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar teanga agus chultúrtha na hÉireann.

    ii. Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.

    iii. Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.

    iv. Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, go rialta.

    v. Má tá fiche faoin gcéad de na háiteacha ins an Coláistí Oiliúna le bheith curtha i leataobh d'ábhair oidí ón Ghaeltacht nó ón chóras Gaelscolaíochta, luíonn sé le ciall go mbeadh sé mar aidhm, go fadtéarmach, go mbeadh Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge ann, lonnaithe i gceantar Ghaeltachta.

    vi. Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile-oileáin ag an Straitéis de réir a chéile agus go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge sna 6 Chontae agus nach ndéanfar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean atá dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.

Share/Save/Bookmark

18.2.10

Roinn Oideachas na hÉireann i gcoinne cearta bunreachta an tuismitheora

Tá an-díomá ar Gaelscoileanna teo., eagraíocht ionadaíochta do 140 bhunscoil lán-Ghaeilge, leis an gcinneadh a d’fhógair An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (Béarla le "snaschraiceann" Gaeilge air!) le déanaí (Feabhra 2010) i leith aitheantais do scoileanna nua i 2010. Bhí 9 gceantar sprioc-aitheanta faoin bplean Soláthar Bunoideachais ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun scoileanna a oscailt iontu Meán Fómhair 2010. D’fhógair an Roinn inniu gur 7 gceantar atá ceadaithe. Ní bheidh aon ghaelscoil i measc an 7 scoil nua a mbunófar i 2010 in ainneoin go raibh iarratas láidir do 2010 faoi bhreithiúnas na Roinne ó choiste bunaithe Rath Eo. Níor tugadh aitheantas ach an oiread d’aon ceann den seacht ngaelscoil a rinne iarratas ar aitheantas do 2010 roimh gur fógraíodh an 9 gceantar de réir córais pleanála na Roinne.

Téann cinneadh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta glan i gcoinne cearta an tuismitheora oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, gan trácht ar iallach an stáit an Ghaeilge a chaomhnú agus úsáid na teanga a spreagadh.

An bhliain seo caite, chuir an tAire Oideachais deireadh leis an gcóras a bhí ann le scoileanna nua a bhunú go neamhspleách. Roimhe seo, bhí cead ag gaelscoileanna agus na scoileanna eile pátrún bhunaithe aitheantas sealadach a lorg nuair a bhí 17 ar an rolla acu agus aitheantas buan a lorg nuair atá 51 dalta cláraithe leo. D’aithin sé seo an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Níor dhún scoil lán-Ghaeilge riamh de bharr líon na ndaltaí ag ísliú, agus níor cuireadh tús le gaelscoil riamh gan feachtas láidir ón bpobal agus ó thuismitheoirí a bheith taobh thiar de. Anois tá scoileanna nua le bunú ag an Roinn nach bhfuil ag teacht leis an éileamh atá sna ceantair ina bhfuil siad á mbunú, agus is cosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoirí beag ná mór le plean na Roinne. Tá gaelscoileanna timpeall na tíre ag cur páistí ón doras toisc iad a bheith lán, agus cé go bhfuil éileamh cruthaithe don ghaelscolaíocht sna ceantair ina bhfuil an seacht gcoiste bunaithe gaelscoile ag feidhmiú, ní bheidh cead ag aon ceann acu scoil a bhunú i 2010.

Eascraíonn an t oideachas is fearr as an gcomhphobal agus as toilteanas na dtuismitheoirí páirt a ghlacadh sna próisis bunaithe, bainistíochta agus fealsúnachta agus caomhnaítear an tacaíocht seo trí chóras na bpatrún. Ní ceart go gceistófar an bealach is éifeachtúla le tionchar a imirt ar thodhchaí ár bpáistí ar bhonn eacnamaíochta. Bréagnaíonn cinneadh an Aire gan aon ghaelscoil nua a oscailt i 2010 gealltanas an Rialtais tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus é a chothú mar a leagadh síos i Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Beidh Gaelscoileanna Teo. ag lorg tuilleadh soiléirithe ón Roinn maidir leis na gcritéir a tugadh san áireamh agus an cinneadh seo á dhéanamh faoin bplean Soláthar Bunoideachais do 2010, agus leanfar leis an stocaireacht le gaelscolaíocht a chur ar fáil mar rogha do pháistí na tíre.
Share/Save/Bookmark

15.2.10

Bí ag tbhaoiteáill - #lnag10

Tá Lá na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge linn athuair leis an slúán, Gaeilge ár linne, Gaeilge ar líne.

Ar Lá ‘le Padraig bíonn Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag freagairt na ceiste “cad atá á dhéanamh agat?” ar an láithreán líonraithe sóisialta, Twitter

Seolfar grianghrafanna, ‘tbhaoitfear cúpla focal, agus roinnfear an chraic’. Seo agat Lá Twitter na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge.

Más rud é go bhfuil tú ar Facebook, ar Twitter, nó ar fhóraim ar líne, má tá blag agat, má scríobhann tú do pháipér nuachta nó d’iris ar líne, bain usáid as do chuid Gaeilge ar an 17.03.10, agus cuir an hashchlib #lnag10 leis.

Sin é.

Anuraidh, díríodh ar Twitter don chéad #lnag, agus bhí ócáid álainn againn ina bhfacamar tbhaoiteanna Gaeilge ag teacht isteach ón Ástráil, ón Ind, ón Eoraip, agus faoi dheireadh, ó Mheiriceá Thuaidh.

Ó shin i leith, tá fás as cuimse tágtha ar gaeltacht 2.0, ár ngaeltacht ar líne, agus le do chuid cabhrach, beidh #lnag10 le sonrú ar fud an lín i mbliana.
Share/Save/Bookmark

11.2.10

An Comhchoiste in Indreabhán

Más mian leat aighneas a chuir faoi bhráid an choiste seo ní mó teangabháil a dhéanamh le Cléirach an Choiste tré r-phiost: Eugene Crowley

Seoladh:
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sr Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

Fón: (01) 618 3575
Fax: (01) 618 4124

Tom Kitt TD Chairman (sic)
Baill an Chomhchoiste Oireachtais Ealaíon, Spórt, Turasóireacht, Tuaithe & Gaeltachta! (Béarla)
Tá an Chomhchoiste Le linn na chéad sraithe den bhreithniú phléigh an Coiste an Straitéis le roinnt eagraíochtaí a dhéanann an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn ar bhonn Náisiúnta. Bhuail an Coiste le hionadaithe ó na heagraíochtaí sin ar an 20 Eanáir 2010.

Anois, d’fhonn an Straitéis a phé leo, ba mhaith leis an gCoiste bualadh le heagraíochtaí a dhéanann an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn sna Gaeltachtaí agus le heagraíochtaí a chuireann forbairt eacnamaíochta chun cinn sna Gaeltachtaí. Molann an coiste go mbuailfidh Toscaireacht dá chomhaltaí le roinnt de na heagraíochtaí sin ar an 26 Feabhra 2010. Moltar go tionólfar an cruinniú in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co na Gaillimhe ar an Aoine an 26 Feabhra 2010.

Tá sé beartaithe bualadh leis na Grúpaí ó na Gaeltachtaí éagsúla de réir an sceidil seo a leanas:-


Tá breithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an Straitéis bheartaithe 20 bliain don Ghaeilge 2010 – 2030.


Gach Eagraíocht a ghlacann le cuireadh ón gComhcoiste iarrtar uirthi ráiteas tosaigh (nach faide ná 3 nóiméad) a dhéanamh leis an Toscaireacht. Is cóir cóip den ráiteas tosaigh sin chomh maith le hainmneacha na ndaoine a bheas i láthair thar ceann na heagraíochta a sheoladh chugam faoin 19 Feabhra 2010.

Tar éis na ráiteas tosaigh, déanfar plé ar na saincheisteanna a ardófar iontu agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge í féin.
Share/Save/Bookmark

10.2.10

An Tostal

An bhfuil fonn ceiste ort?

"Ó Aidhm go Feidhm" a bheidh mar theideal ar Thóstal na bliana seo, agus díreofar isteach ar chur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Le linn Thóstal na Gaeilge 2010 reáchtálfar seisiún ceisteanna agus freagraí le haoichainteoirí aitheanta. Beidh painéal de chúigear i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa ghearrtéarma, sa mheántéarma agus sa fadtéarma.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir an chláir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na n-aoichainteoirí ar an bpainéal beidh: An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D.; an léachtóir sa Phleanáil Teanga le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Dr. Conchúr Ó Giollagáin; an taighdeoir agus an gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉalaithe; chomh maith le hUrlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, T.D.; agus Urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, T.D..

Chun an deis a thapú chun ceist a chur ón urlár, is gá é seo a chur in iúl do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh ré, trí do chuid sonraí agus do cheist a chur chuig eolas@gaelport.com roimh Dé Céadaoin 24 Feabhra 2010.

Tar éis an seisiún ceisteanna agus freagraí , reáchtálfar fóram plé áit a bpléifear róil na bpáirtithe éagsúla i gcur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais sa ghearrthéarma, is é sin, sa dhá bhliain atá amach romhainn.

Ar an bpainéal seo beidh Pádraig Ó hAoláin, Prímhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Share/Save/Bookmark

8.2.10

Aistarraingth chiorchlán 0044/2007

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe TD, Ciorclán conspóideach 0044/2007, a chuir cosc ar chleachtas fadbhunaithe an luaththumoideachais i nGaeilge sa stát, a tharraingt siar, ach cuirtear fainic roimh an aguisín atá curtha leis an gcinneadh go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin shóisearacha i scoil ar bith ina gcleachtaítear an luaththumoideachas Gaeilge.
Ciorclán 0044/2007
Chuir Ciorclán 0044/07, a d'eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mí Iúil 2007, dualgas ar scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma i rang na naíonán sóisearach ar a dhéanaí, in ainneoin an luath-thumoideachas iomlán a bheith ceadaithe i ranganna naíonán ó bunaíodh an stát, agus in ainneoin an aitheantais idirnáisiúnta atá tuillte ag an dea-chleachtas sin.
Chuir Ciorclán 0044/07 cosc ar luath-thumoideachas iomlán (LTi), córas faoin gcuirtear moill ar mhúineadh foirmeálta an Bhéarla sna ranganna naíonán, go dtí go mbíonn na daltaí inniúil ar chumarsáid a dhéanamh sa sprioctheanga, Gaeilge.
Ghlac an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an cinneadh Ciorclán 0044/2007 a tharraingt siar i mí Eanáir 2010 i ndiaidh tréimhse dianstocaireachta ó ghluaiseacht na Gaeilge, agus i gcomhthéacs cás a bhí le teacht os comhair na hArd-Chúirte ag deireadh na míosa sin.
Gaelscoil Mhic Easmuainn, Trá Lí, Gaelscoil Nás na Rí, Co. Chill Dara, agus an Foras Pátrúnachta a loirg athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt in aghaidh na Roinne Oideachais. San idirbheartaíocht a bhain leis an gcás, thoiligh an Roinn costais chúirte na ngrúpaí seo a íoc.
Chuir an Roinn mar aguisín leis an gcinneadh Ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, áfach, go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin, in ainneoin pholasaí fhadbhunaithe gaelscoile (nó scoil Ghaeltachta) ar bith.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha: “Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil an moladh go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin, in ainneoin pholasaí fhadbhunaithe Gaelscoile nó scoil Ghaeltachta ar bith, as ord.

“Níl ciall leis an aguisín a chuir oifigeach de chuid na Roinne Oideachais leis an gcinneadh chun ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, ná níl bonn ná údarás leis an aguisín sin san Acht Oideachais ina iomláine.”

Thacaigh Conradh na Gaeilge go láidir leis na Gaelscoileanna a chuir i gcoinne Ciorclán 0044/2007 nuair a lorgaíodar athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt, agus molann an Conradh na tuistí, na múinteoirí, na scoileanna agus go háirithe na hiarratasóirí, a sheas an fód ar son dhea-chleachtas aitheanta an luath-thumoideachais iomláin trí Ghaeilge.

Ag tagairt d’aguisín le cinneadh na Roinne Oideachais Ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, deir Uachtarán an Chonartha: “Ní aontaíonn Conradh na Gaeilge gur gá sainmheon tumoideachais scoile a athbhreithniú gach bliain ag brath ar éileamh ó thuismitheoir, agus ní léir dúinn cén fáth go bhfuil cur isteach leanúnach á dhéanamh ar Ghaelscoileanna, scoileanna a chuireann sárchaighdeán oideachais ar fáil.”

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Iarrann Conradh na Gaeilge ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gach tacaíocht a chur ar fáil don Ghaelscolaíocht, agus do mhúineadh na Gaeilge agus do mhúinteoirí na teanga i gcoitinne ar fud an chórais, mar a mholtar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

“Creideann an Conradh gur chóir go mbeadh sé mar pholasaí ag an Roinn múinteoirí agus ábhair oidí, agus tuismitheoirí chomh maith, a chur ar an eolas go leanúnach faoi bhuntáistí an luath-thumoideachais, agus acmhainní eolais agus oiliúna a chur ar fáil ina leith sin.”
Share/Save/Bookmark