Tá stampa nua ar fáil ón bPost le déanaí ag comóradh 150 bliain ó rugadh
Dubhghlas de hÍde. Bhi de hÍde ar na daoine a ba thábhachtaí i stair na hathbheochana agus ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge.
An Craoibhín Aoibhinn an leasainm a d’úsáid sé agus é ag scríobh agus bhí meas mór air mar scríbhneoir agus mar scolaire agus ar ndóigh ba céad Uachtarán na hÉireann (1938-1945) é. Ba as Contae Ros Comáin é agus bhí spéis aige sa teanga ó bhí sé ina óige.
Tá griangraf de a thog Keogh Brothers Ltd a theaspeáneann é ina shuí go samh.
Ar an lá céanna d'éisigh siad stampa nua bainise don bhliain 2010. Tá an stamps seo i mBéarla amháin seachas ainm na tíre. Tá dhá éin ghrá ann nó "love birds" mar a deireann an stampa.
Seo an chéad stampa ó tháinig a Acht Teanga i bhfeidhm, atá i mBearla amháin. Scríodh cheanna sna nuachtáin faoi
Díspeagadh An Post agus ansin an ábhar dócas i 2004 sa litir
Casadh na taoide? An amhlaidh gur cúlú atá i gceist?
Seo suíomh do bhailitheoirí stampaí An Post (Béarla amháin!)
Omós agus masla?
No comments:
Post a Comment