26.1.10

Cruinniú Oireachtais

Tacaíocht na bPáirtithe uile léirithe don Straitéis



Ar an gCéadaoin seo caite (20 Ean 2010), bhí sé eagraíocht Ghaeilge agus duine aonair amháin os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus iad ag cur a dtuairimí maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i láthair.

Tacaíocht na bPáirtithe uile léirithe don Straitéis
Bhí ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Pobal, Comhluadar, TG4 agus Foras na Gaeilge chomh maith leis an taighdeoir agus gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe i measc na ndaoine a bhí i láthair.

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge trí phríomhréimse os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta:

Plean gníomhaíochta maidir le feidhmiú na straitéise;
2. Struchtúr ceannais na straitéise;
3. Freagracht fheidhmithe, mhonatóireachta, agus mheasúnaithe ar bhonn neamhspleách na straitéise.

Dhírigh an Chomhdháil freisin ar ról earnáil dheonach agus phobail na Gaeilge i bhfeidhmiú na straitéise.
na n-éileamh a chuir an Chomhdháil faoi bhráid an Chomhchoiste bhí:
go gcuirfear curaclam comhtháite d’fhoghlaim na Gaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm tríd an straitéis;
go neartófar ról na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcur chun cinn na Gaeilge tríd an gcóras gaeloideachais;
agus go bhforbrófar polasaí earcaíochta don Státchóras a chuimsíonn clár dearfach gníomhaíochta.

Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go láidir go dtabharfaidh an Comhchoiste cuireadh do na comhairleoirí faoi stiúir FIONTAR (DCU) cur i láthair a dhéanamh ar an anailís atá déanta acu, agus thacaigh Mary White T.D. leis an moladh seo.

>I measc na moltaí curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge bhí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna; comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú; agus a chinntiú go mbíonn ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ag an údarás nua teanga atá luaite sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Deir Janet Muller, ón eagraíocht POBAL, nach dtugann an straitéis na cúinsí difriúla i dTuaisceart Éireann san áireamh agus nach bhfreagraíonn an straitéis seo do shainriachtanais phobal Gaeilge an Tuaiscirt, dar le Muller beidh tionchar diúltach ag an straitéis seo ar chur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, mura ndéanann sí soláthar don teanga sa Tuaisceart bunaithe ar an gcomhthéacs reatha sa dlínse sin.

Níor aontaigh Donncha Ó hÉallaithe ar chor ar bith le moladh na straitéise chun Údarás na Gaeilge a dhéanamh as Údarás na Gaeltachta. Le linn an chruinnithe bhí an-chuid plé ar cé ar cheart a bheith freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise, mhol Mary White T.D. i measc daoine eile gur cheart gurb iad oifigí an Choimisinéara Teanga a bheadh freagrach as a leithéid, ach mhol an Seanadóir Pearse Doherty gur cheart an fhreagracht sin a bhronnadh ar Choiste Oireachtais.

Mhol Pádhraic Ó Ciadhra, Leascheannasaí TG4 gur cheart go mbunófaí córas bainistíochta laistigh de Rannóg an Taoisigh chun bheith freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise.Rinne na páirtithe polaitiúla go léir a gcuid tacaíochta don straitéis a chur in iúl le linn an chruinnithe.

Dúradh freisin go dtabharfar deis go luath d’eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí i leith na straitéise a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. Dar le Donncha Mac Fhionnghaile go mbeidh bás i ndán don Ghaeltacht mura n-éiríonn leis an Rialtas an straitéis seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Agus é ag caint os comhair an Chomhchoiste, dúirt PT Mac Ruairí, Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil “luach leis an teanga nach furasta costasú a dhéanamh air agus tá infheistíocht fhadtéarmach le déanamh ag an Stát i dtodhchaí na teanga tríd an Straitéis 20 bliain. Níor mhór don Rialtas díriú ar na tosaíochtaí gearr-, meán- agus fadtéarmacha chun go mbainfear amach na torthaí molta sa dréachtstraitéis ar bhealach a chinntíonn an luach is fearr ar airgead”.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment