9.1.10

Bainistiú 'Gaelscéal!'

Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar Bhainisteoir Tionscadail ar an nuachtán nua Ghaeilge ‘Gaelscéal’. Is comhfhiontar é seo idir An Curadh Chonnachtach (Béarla) agus Eo Teilifís, (Torann na dTonn), a bhuaigh an conradh ag deire na bliana seo caite ó Fhoras na Gaeilge le nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú (féach ráiteas Fhorais na Gaeilge). Tá siad anois ar thóir Eagarthóir agus foireann oibre don nuachtán seachtainiúil is núálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann.

I ráiteas a d’eisigh na comhluchtaí dúirt siad go bhfuil ríméad orthu duine chomh h-ildánach le Ó Clochartaigh a bheith faighte acu leis an nuachtán a stiúrú. ‘Tá taithí leathan aige ó thaobh cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta, na meáin, na h-ealaíona agus cúrsaí pobail. Beidh ‘Gaelscéal’ ag cruthú ré nua ó thaobh na meáin i nGaeilge nuair a fhoilseofar é roimh deire mí Márta agus ní fhéadfaí duine níos feiliúnaí a aimsiú don dúshlán seo’, a deir siad. Tabharfaidh ‘Gaelscéal’ spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, naisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

Deir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ar bís tabhairt faoin dtionscnamh uaillmhianach seo. ‘Creidim go daingean go bhfuil an t-am ceart chun foilseachán, d’ardchaighdeán a chur ar fáil a bheidh in freastal ar na Gaeil in Éireann agus thar lear. An chéad céim eile sa bpróiséas ná foireann fuinniúil a earcú, ina measc Eagarthóir, scríbhneoirí agus dearthóirí. Tá neart daoine cumasacha ar fáil amuigh ansin agus tá muid ag iarraidh cloisteáil ó dhuine ar bith a cheapann go bhfuil ról dearfach le n-imirt acu sa togra seo,’ a deir Ó Clochartaigh.

Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil freisin, chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtán féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhair. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.
Is féidir tuilleadh eolais faoin nuachtán agus na folúntais atá fógraithe a fháil ach teangbháil a dhéanamh le gaelsceal@gmail.com nó glaoch ar (091) 558400.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment