26.11.09

1.0 Fís

An Fhís

Ainneoin na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo pobail i roinnt áiteanna a d’fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge ó lá go lá.

Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le céad bliain anuas, sa chaoi is gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimniúil. Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith:
    • cur leis an méid teaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar an teanga cumarsáide gach lá dá saol;

    • tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge;

    • a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach, chomh fada agus is féidir, i ndíoschúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus

    • a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.
Tá an Ghaeilge mar chuid do chultúr agus d’oidhreacht Thuaisceart Éireann agus tá cur chun cinn agus cosaint na teanga ann mar thosaíocht freisin ag an Rialtas.

Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dá gcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta. Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca le chéile.

Agus siúd gur príomhfhócas den straitéis seo áit na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú tá an-tábhacht leis an nGaeilge mar theanga bheo a chur ar aghaidh laistigh den teaghlach agus idir na glúnta. Is é an cur chuige foriomlán atá againn ná creat oibre tacaíoch a chruthú agus na deiseanna a chruthú trína bhféadfar an Ghaeilge a chur ar aghaidh ar bhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus de phobail.

Braitheann an méid atá i ndán don teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin é an dúshlán atá amach romhainn ar fad.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment