28.10.09

20 Bl Ciorruithe

Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2009
Caithfear acmhainn na Gaeilge a cosaint ó chiorruithe san 20 bliain romhainn





Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a bheidh ag labhairt ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge in Óstán Mount Errigal (Suíomh Béarla amháin), Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, áit a phléifear todhchaí na teanga agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo.

An Ghaeilge: An 20 Bliain Romhainn atá mar theideal ar Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i mbliana agus beidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha agus Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta ag labhairt ag an ócáid mar aon leis an Aire Ó Cuív. Is é Seán Ó Curraoin, Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bplé ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn a dhéanfar ag Seimineár an Chonartha 2009 i bhfianaise an Bhoird Snip Nua agus Tuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais a foilsíodh le déanaí. Is ar an bpobal, ar shaoránaigh, atáimid ag brath, agus caithfimid fís chomhdhaonnach a bheith againn chun teacht as an tsáinn a chruthaigh saint náisiúnta agus idirnáisiúnta.

“Ní dhéantar tagairt ar bith don Straitéis 20 Bliain i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta agus glacann Conradh na Gaeilge leis dá réir sin nach raibh údair na tuairisce ar an eolas faoi, nó gur cheap siad nach raibh tábhacht leis. Caithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa Straitéis 20 Bliain i leith na teanga, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun an acmhainn chultúir, chogneolaíochta agus pobail seo a neartú agus a chur chun cinn, agus sin a bheas idir lámha ag Seimineár Oireachtais an Chonartha an Satharn beag seo.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé leis an Aire Ó Cuív faoi thodhchaí na teanga ag Seimineár Oireachtais an Chonartha, ach i gcur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Beidh deis ag an bpobal ceisteanna agus moltaí a chur maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i ndiaidh díospóireacht na n-aoichainteoirí ag an Seimineár. Seolfar an fhéile nua Ghaeilge Rith 2010 agus an feachtas pobail in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua Guth na Gaeltachta i ndiaidh Sheimineár Chonradh na Gaeilge san Óstán Mount Errigal 31 Deireadh Fómhair 2009 ag 1.00in agus ag 1.30in faoi seach.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment